An Ghaeilge - An raibh a fhios agat?


1. Le cúpla bliain anuas tá siad seo a leanas i measc na gceoltóirí atá tar éis amhrán a thaifeadadh i nGaeilge: Paddy Casey, Declan O'Rourke, Mundy, Bell X1, The Frames, The Corrs, Damien Dempsey, Delorentos,
The Waterboys, The Walls, The Coronas, Christy Moore, Jack L, Duke Special,  Cathy Davy,  Gavin Glass, Sting, The Swell Season, Gemma Hayes, Kíla, Sinéad O’Connor, Kate Bush, The Devlins agus Luka Bloom. 
 
2. Tá 1.57 milliún duine in Éirinn in ann Gaeilge a labhairt. Labhraíonn 538,283 duine an teanga go laethúil in Éirinn.
  
3. Tá ar a laghad Gaelscoil amháin i ngach contae in Éirinn. I mBaile Átha Cliath, tá 30 bunscoil lán-Ghaelach agus ocht meánscoil lán-Ghaelach ann anois. 
 
4. Tá seiceálaí litrithe don Ghaeilge, GaelSpell, ar fáil saor in aisce ag www.gaelspell.com  
 
5. Is féidir leagan Gaeilge a fháil de na ríomhchláir seo a leanas: Mozilla Firefox, Mozilla Thunderbird, Open Office, Microsoft Windows XP.  
 
6. Tá Leagan Gaeilge de Wikipedia ar fáil i nGaeilge, Vicipéid, a bhfuil breis is 7,000 alt ann. Tá Wikipedia ar fáil in 263 teanga éagsúil ar fad agus tá an Ghaeilge sa 93ú áit ó thaobh líon na n-alt de.  
 
7. Bíonn an Ghaeilge le cloisteáil ar na stáisiúin raidió seo a leanas: RTÉ, 2FM, Newstalk, Spin FM, Phantom FM, Today FM, Q102, Raidió na Life. 
 
8. Is féidir Skin Gaeilge a fháil le haghaidh do Bebo. Féach bebo.com/clubsult 
 
10. Is féidir leat do bhillí gáis, ESB, Vodafone, Eircom a fháil i nGaeilge agus is féidir leat do mhótarcháin a athnuachan go hiomlán trí Ghaeilge ag
 
11. Cuireadh stáisiún raidió nua Gaeilge ar fáil do dhaoine óga darb ainm Raidió Rí-Rá in 2008 a bhíonn ag craoladh ar líne 24 uair an chloig sa lá. 
 
12. Tá Google ar fáil trí Ghaeilge. www.google.ie/intl/ga
 
13. Tá an chéad ghuthán a bhfuil an Ghaeilge mar rogha don tuarthéacs agus don chóras oibriúcháin, an Tocco ó Samsung, ar fáil anois. Beidh an rogha chéanna ar fáil ar ghutháin eile de chuid Samsung go luath.

14. Tá Leagan Gaeilge de Facebook ar fáil.
Tá aistriúchán go Gaeilge déanta ar na téarmaí is coitianta Ar Facebook, cliceáil ar an íocón den domhan agus tárogha ansin don Ghaeilge. Is féidir leat d'aistriúcháin féin a chuir isteach.